Baile‎ > ‎

Gaeltacht na Crannaí

An raibh a fhios agat go raibh páirt mhór de cheantar an Droma sa Ghaeltacht? Agus ní fadó a bhí sé ach oiread!

Nuair a bunaíodh an Ghaeltacht tar éis chéad tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta i 1926, bhí ceantair i gcontae Ros Comáin cáilithe a bheith mar pháirt den Ghaeltacht (is é sin, 25%+ den daonra a labhair Gaeilge de gnáth). Tá na Toghroinne Ceantair seo thíos luaite sa liosta le haghaidh Ros Comáin in Acht na dTithe (Gaeltacht) 1929:

  • Bealach an Doirín (Bealach an Doirín)
  • Ceathrama Riabhach (An Cheathrú Riabhach)
  • Crannach (An Chrannach)
  • Críoch (An Chríoch)
  • Díseart (An Díseart)
  • Cill Garadh (Cill Cháir)
  • Teach Mac Chonaill (Teach Mhic Chonaill)

Tá An Chrannach lonnaithe siar ó Bhaile Átha Luain, i dtreo teorainn thoir Ros Comáin theas. Dúradh go raibh na bailte fearainn seo a leanas mar pháirt de cheantar na Crannaí: An Caladh Beag, Carraig Uí Neachtain, Corr na Fola, Crann Cam, An Chrannach, An Chrannach Bheag, An Chrannach Mhór, An Creagán, Creagán na Béice, Currach na bPoll, Garthaidh na nGamhna, Na Caológa, Caoilte, Lios Duilleabhair, Magh an Iúbhair, Baile Tháilliúir, Inse na Laogh.

Is léir nár sheas an stádas seo ar feadh i bhfad áfach, agus bhí méid an Ghaeltacht laghdaithe go mór faoin mbliain 1956. Cosúil leis an chuid is mó den tír, bhi a stádas Gaeltachta caillte ag Ros Comáin faoin am seo (mar is léir ó mhapa 1956, ar dheis)

Níl mórán le fios faoi stair Ghaeltacht na Crannaí. Níl go leor eolas ar fáil fiú ar Ghaeltacht Ros Comáin. Bheadh an-suim againn as aon eolas nó cabhair ag baint leis seo atá aon duine ábalta chuir ar fáil dúinn. Téigh i dteagmháil linn má tá tú ábalta cabhair ar bith a thabhairt!

Caithfidh muid buíochas a ghlacadh le hUinseann Mac Thómais ón Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe as ucht a chuidiú go dtí seo.

Má tá suim ag aon duine a gcuid Gaeilge a úsáid, nó é a fheabhsú, ba bhreá linn dul i dteagmháil leat. Tá roinnt cainteoirí Gaeilge ina gcónaí sa cheantair, ach is beagán an seans atá acu í a labhairt. Ba bhreá linn cruinnithe sóisialta a reáchtáil sa gcaoi go mbeadh seans ag Gaeilgeoirí cleachtadh a bheith acu. Mura n-úsáidfear an teanga, gheobhaidh sí bás go hiomlán! Is fúinn féin í a shábháil…